Logo

Turas Siar Archive

Home Old Archive Podcasts Sign in

Pádraic Ó Maolruaidh as Leitir Fhinín agus Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr ar an aer le Máirtín Mac Donnchadha. Na focla suicín, hoirte/doirs, an comhra donn, sriongán (sreangán), sreang, taeradh, bleid, cladhaire, shoraidh dhuit!, dóthú vs dara agus miodraíocht/miodaracht.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Pádraic Ó Gionnáin as Cill Ghallagáin ag cur síos ar éanacha farraige i gceantar Dhún Chaocháin. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach. Máirtín Mac Donnchadha a chuir i láthair.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pádraic Ó Gionnáin (RIP) as Cill Ghallagáin — An aimsir, curadóireacht, fataí, éadálacha, mian ar snámh sa gceantar fadó, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pádraic Ó Gionnáin agus Máirtín Mac Donnchadha ag siúl i gCill Ghallagáin agus iad ar fháirnis reithe. Pléann siad an cnádán, an fóchannán (=feochadán), an neantóg, an speig neanta(í) agus an cnúdán

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pádraic Ó Gionnáin, Cill Ghallagáin agus Pádraic S. Ó Murchú, An Cartúr ag cur síos ar filibín na gcorr, maghar, cúrsaí iascaireachta srl. Máirtín Mac Donnchadha sa stiúideo.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Paddy Phat Stephen Ó Manacháin as Glais agus Inis Gé ag cur síos ar a shaol. Máirtín Tom Sheáinín a chuir faoi agallamh é. (Tá fadbhanna fuaime leis an gcomhad ach dá ainneoin sin, síleadh gurbh fhiú é a roinnt anseo)

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tomás Ó Máille as an tSraith (R.I.P.), Tuar Mhic Éadaigh agus “Slán agus Beannacht le Buaireamh an tSaoil” á rá aige.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Maidhcí Mhaidhcil Sheáin Ó Gallchobhair as an gCorrán i bParóiste Acla ag caint le Seán Ó hÉalaí (arbh as an gCorrán dó, chomh maith), faoina óige agus a shaol. As an tsraith " 'Sé do Bheatha ".

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár faisnéise faoi Inis Géidh a craoladh sa mbliain 1975. Seán Ó Tuairisc a chuir i láthair.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Micí Joe Ó Conghóile, Ros Dumhach, nach maireann, faoi agallamh ag Máirtín Mac Donnchadha : Leoraís agus báid, an cnúdán agus an cnádán.

Le caoinchead Raidió na Gaeltachta

Agallamh a rinne Máirtín Mac Donnchadha le Micí Ó Murchú agus a bhean Máire Cáit : An áinne (= an adhann), difríochtaí idir Gaeilge Cheathrú Thaidhg agus Gaeilge Chonamara, todhchaí na Gaeilge i gceantar Cheathrú Thaidhg

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Michael Tommy Ó Gallchobhair as an Chorrán, Paróiste Acla, ag caint le Máirtín Mac Donnchadha ar an gclár ‘I gCeartlár na nDaoine’ : Nádúir, éanacha, an sionnach, an chuach srl.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Mary John Tom Bhreatnach as Tóin na hOlltaí agus seanchas aici faoina baile dúchais. Agallamh a rinne Máirtín Mac Donnchadha.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Mary John Tom Bhreatnach, Glais, ag cur síos ar Dhubhoileán a bhí á dhíol ag an am. Parlaimint Mhaigh Eo le Máirtín Mac Donnchadha.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Mary John Tom Bhreatnach, Glais, ag cur síos ar Dhubhoileán Mór. Ón gclár Parlaimint Mhaigh Eo le Máirtín Mac Donnchadha.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Mairéad Ní Chatháin, Inis Gé agus Glais, faoi agallamh ag Joe Byrne. Bhí Mairéad i láthair ag oíche áirneáin i dTuras Siar. Beannacht Dé lena hanam dílis.

Le caoinchead Joe Byrne

Máire Uí Chaoimh as an gCloich Mhóir, Acaill, ag caint le Máirtín Mac Donnchadha faoi Bhríd Mhic Confhaola, filíocht ‘Seán agus An Bás’

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Agallamh a rinne Caitlín Nic Conghóile le Pat Tom Ó Dochartaigh, Ceathrú na gCloch : scoil, obair, araideacha.

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr agus Máirtín Mac Donnchadha, RnaG : Suíomh idirlín úr ag Turas Siar, athchóiriú ar siúl ar an ionad féin, fís an ionaid, tús curtha le bailiúchan focal áitiúil

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta

Pádraic S. Ó Murchú as an gCartúr agus Máirtín Mac Donnchadha, RnaG : Ainmneacha atá ar thránna an cheantair, logainmneacha an cheantair i gcoitinne

Le caoinchead RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • <
  • 1
  • …
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • >

Turas Siar Archive

Cartron, Belmullet, Co. Mayo, F26 PY04, Ireland.

Tel: (+353) 087 6990505 / (+353) 097 85011

Navigation

  • Home
  • Artifacts
  • Old Archive

Contact

  • Email us
  • Turas Siar website
  • Podcasts

© 2025 Turas Siar. All rights reserved.