Transcript |
‘Rí na mBréag’ inste ag Peadar Ó Raghallaigh
Bhí rí ann uair amháin agus chuir sé duais amach go dtabharfadh sé a inín le pósadh do fhear ar bith a bheadh in ann éitheach a bhaint as. Agus bhí go leor rítí agus prionsaí agus go leor fir léannta ag tíocht chomh fada leis agus ní raibh siad in ann aon bhuaidh a fháil air.
Ach bhí mac baintrí ann agus bhí sé an-bhocht, ach go raibh sé an-chliste. Agus, ní raibh éadaí bláthmhar’ ná rud ar bith aige agus b’éigean dó culaith éadaí a fháil ó chomharsa a chuirfeadh sé air, agus fuair sé chomh fada leis an rí. ‘s nuair a chonaic searbhóntaí an rí uile go léir é, ‘sé an chaoi ar thoisigh siad á marú héin ag gáirí faoi. Ach ar chuma ar bith, lig siad isteach é chomh fada leis an rí, agus d’innis sé don rí cén áit a raibh sé ag goil.
Thug an rí amach é gur sheáin sé píosa mór fataí a bhí curtha aige dó agus d’fhiafraigh sé dó an bhfaca sé ariamh ina shaol aon phíosa fataí chomh maith leobhtha sin. Dúirt an buachaill go bhfacaidh, agus píosa a bhí céad uair níos fearr ná iad.
‘Nuair a bhí mise óg,’ ar seisean, ‘bhí garraí fataí curtha agam féin agus ag m’athair agus thóig muid balla cloiche thart orthu nuair a bhí siad curtha a bhí dhá throigh dhéag ar airde. Agus nuair a d’fhás na fataí bhí na gais chomh ard agus go raibh siad ag tíocht amach thar bharr an bhalla. Bhí scata caorach ansin againn,’ ar seisean, ‘agus bhí ceann amháin acu a fuair amú agus sháraigh orainn a fáil íseal ná ard ná áit ar bith. Agus leag muid amach nach dtiocfadh léithe bheith in áit ar bith mura mbeadh sí istigh ins an ngarraí fataí. Fuair mé héin isteach thar an mballa,’ a deir sé, ‘agus thoisigh mé ag cuartú, agus ‘sé an áit a bhfuair mé an chaora ar deireadh istigh i bhfata agus dhá uan aici, bhí na fataí chomh mór.’
Agus níor chuir an rí gruaim ina mhalaí. Ach thug sé leis é giota eile ná gur sheáin sé dó píosa gobáiste a bhí curtha aige, agus d’fhiafraigh sé dó an bhfaca sé ariamh ina shaol aon phíosa gobáiste dob fhearr ná é? Dúirt an buachaill go bhfaca sé garraí a bhí curtha ag a athair faoi ghobáiste agus go raibh balla tóigthe acu thart air a bhí ceithre troighthe déag ar airde agus nuair a d’fhás na crainn ghobáiste go raibh siad chomh hard agus go raibh siad ag tíocht amach thar bharr an bhalla.
‘Agus bhí scata tincéaraitheadh,’ ar seisean, ‘agus champáil siad le taobh an bhalla, taobh amuigh. Agus thainic múr mór báistí agus na braonachaí a bhí ag silt anuas de na crainn ghobáiste bhí siad chomh trom agus gur báitheadh na tincéaraitheadh uile go léir.’
Ní dhearnaidh an rí ach miongháirí. Thug sé leis píosa eile é ná gur sheáin sé dó píosa coirce a bhí curtha aige. Agus d’fhiafraigh sé dó an bhfaca sé aon dath coirce ariamh ina shaol a bhí chomh maith leis. Dúirt an buachaill go bhfacaidh, agus coirce a bhí míle uair níos fearr ná é.
‘Nuair a bhí mise óg,’ ar seisean, ‘bhí Éire mhór agus Éire bheag curtha faoi choirce agam féin agus ag m’athair. Agus ní raibh cúnamh ar bith againn ach mé héin agus m’athair agus mo bhean agus mo mháthair. Nuair a chuir muid an grán ar fad,’ ar seisean, ‘bhí muid gearr timpeall is cloch choirce, agus ní raibh sé le fáil agam in áit ar bith ar thalamh na hÉireann, agus b’éigean dom a ghoil go hAlbain le tilleadh coirce a fháil. Thug mé liom,’ a deir se, ‘seanghearrán bán a bhí agam ná go dtéinn go hAlbain agus fuair mé go dtí an fharraige atá idir Éire agus Albain agus nuair a fuair mé go dtí sin, chuir mé an gearán bán ins an tsnámh. Ach nuair a thainic mé i dtír thall in Albain bhí crú scoite ag an ngearrán agus bhí bradán toigthe aige ar ‘ach uile thairne, agus nuair a fosclaíodh ar na bradáin céard a bhí istigh iontu ach duisín uibheacha lachan istigh in ‘ach uile bhradán. Cheannaigh mé dhá chloch choirce thall in Albain ansin,’ ar seisean, ‘agus d’imigh mé liom abhaile arís leis an ngearrán bán. Ach nuair a thainic an gearrán bán i dtír ar thalamh na hÉireann thit sé marbh agus ní raibh a fhios agam céard a dhéanfainn. D’fhoscail mé air le scian a bhí agam,’ a deir sé, ‘agus chuir mé cloch den choirce isteach ina bholg agus d’fhuáil mé aríst é agus thoisigh mé ag séideadh m’anála isteach ina chluasaí agus bhí mé ag goil dó ná go dtug mé beo aríst é. Fuair mé ag marcaíocht ansin air,’ a deir sé, ‘agus níor stop mé go dtainic mé abhaile. Agus chuir muid an coirc’.’
‘Bhí go maith agus ní raibh go dona ná go dtainic an Fómhar. Maidin amháin, fuair m’athair amach agus dhearc sé uaidhe agus dúirt sé go raibh an coirce in am a bhainte. Fuair muid amach ansin, ná go dtéadh sinn ag baint an choirce. Thug mé féin liom corrán agus thug m’athair corrán eile leis, mo bhean corrán eile léithe agus mo mháthair corrán eile. Thoisigh mé féin sa taobh thiar de Éire, thoisigh m’athair ins an taobh ó dheas agus thoisigh mo mháthair ó thuaidh agus thoisigh an bhean taobh thoir, agus ní bheadh sé bainte ón lá sin againn go dtí an lá atá inniu ann, ach nuair a bhí trí punannachaí bainte agam héin dhúisigh mé giorria. Agus chaith mé an corrán leis an ngiorria. Agus fuair an corrán i bhfastó i ruball an ghiorria agus nuair a lean mé an giorria go mbaininn dó an corrán bhí an giorria ag baint báidhe ar feadh an ama agus níor stop sé go ndeachaigh sé go dtí an taobh ó thuaidh de Éire, agus bhí báidh choirce bainte aige ar feadh an bhealaigh. Thoisigh ‘ach uile dhuine acu dá ruagadh soir agus siar ó dheas agus ó thuaidh agus uair an chloig roimh an ngrian a ghoil faoi, bhí Éire mhór bainte aige, agus thit sé marbh ansin. Níor thainic liom a dhath a dhéanamh leis ach an rud céanna a rinne mé leis an ngearrán bán—foscailt air agus gráinne coirce a chur isteach ina bholg agus toisiú ag séideadh m’anála isteach ina chluais agus níorbh fhada go dtug mé beo aríst é. Agus go díreach nuair a bhí sé ag éirí dorcha bhí Éire bheag bainte againn.
Cheangail muid ‘ach uile ghreim den choirce agus stoc muid é agus rinne muid cruaich dó. Agus nuair a bhí an chruaich déanta bhí sí chomh hard agus gur chaith mé bliain ag goil óna barr go dtína bun dhá tuighe agus lá agus bliain ag goil thart uirthi. Bhí go maith ansin, leag mé dréimire le taobh na cruaiche agus fuair coileach suas ins an dréimire go ndeachaigh sé go barr na cruaiche, agus bhí an chruach chomh hard agus go raibh an coileach ag piocadh na réaltaí lena ghob. Fuair muid a chodladh ansin trom tuirseach agus nuair a d’éirigh muid ar maidin bhreathnaigh m’athair amach agus ní raibh a fhios agam céard a thainic air nuair a chonaic mé ag titim i mbéal an dorais é. Nuair a fuair mé chomh fada leis ag goil dá thógáil, is beag dhá bharr nár thit mé héin chomh maith. Ní fhaca mé a dhath fágtha ach an farrúch, bhí an chruach glánta. Ní raibh a fhios agam cé na robálaitheadh a thainic agus a ghoid an chruaich. Agus thoisigh mé ag cuartú thart agus níor fhága mé aon chuan nó aon phort in Éire nár chuartaigh mé. Ach nuair a thainic mé chomh fada leis an áit ar thit an gearrán bán marbh bhí crann fásta ar lorg fuil an ghearráin bháin. Agus suas liom ins an gcrann go bhfeicinn ar éinne a fuair suas ins an gcrann leis an gcoirc’.
Agus nuair a fuair mé go dtí barr an chrainn, casadh liom seanfhear thuas ar bharr an chrainn. Agus d’fhiarfaigh mé dó cén fáth ar ghoid sé mo chuid coirc’. Agus bhuail sé le dorn mé agus bhuail sé mé in aghaidh Gheata Ifrinn, agus an tuaim a bhain mé amach as na geataí, scanraigh mé na feithidí fiáine a bhí ins na coillte agus chriothnaigh mé na crainn agus chraith mé na cnoic. Dúirt an deabhal mór ansin a bhí ceangailte lena chuid slabhrachaí sa gcathaoir leis na deabhail bheaga mo tharraingt isteach, shara dtarraingeoinn mí-ádh ar bith orthu féin nó ar a gcuid geataí. Agus dúirt mé leis nach raibh mé ag iarraidh mí-ádh ar bith a tharraingt ar a chuid geataí ach é mo chuid coirce a thabhairt dom. Dúirt sé liom nach aige héin a bhí mo chuid coirce ach go raibh sé ag Naomh Peadar i nGairdín Pharthais.
Bhí mé ag imeacht agus ag síorimeacht ariamh ariamh ná go dtainic mé go dtí bun an chrainn aríst agus suas liom ins an gcrann aríst agus nuair a fuair mé go dtí barr an chrainn casadh liom an seanfhear aríst. Agus d’fhiafraigh mé dó an mbeadh sé ar ábalt mo thabhairt chomh fada le Naomh Peadar, gur hiomaí contúirt a bhí imithe thruíd agam. Agus bhuail sé le dorn eile mé agus ‘sé an áit a bhfuair mé mé féin go díreach ag cosaí Naomh Peadar. Agus dúirt mé leis go mba mhór an náire dhó mo chuid coirce a ghoid agus é a thabhairt ar ais anois dom, gur hiomaí contúirt a bhí imithe thruíd agam ag iarraidh a fháil. Agus dúirt sé leis...liom nach le dochar ar bith a ghoid sé an coirc’ ach go raibh truaighe mhór aige dom féin agus do m’athair nach raibh aon chúnamh againn agus go raibh an coirce buailte anois agus curtha ins na saic acu agus go mbeadh siad á chaitheamh anuas ar an talamh lá ar bith.
Dúirt mé go raibh deifir orm go mba mhaith liom an cundas a thabhairt chomh fada le m’athair, agus go mbeithinn ag imeacht agus iad an coirce a chaitheamh anuas nuair a bheadh am acu air. D’imigh liom anuas agus bhí mé ag tíocht anuas ins an gcrann aríst, nuair céard a thainic amach as taobh an chrainn ach sionnach. Bhí scian bheag i mo phóca agus chaith mé an scian leis an tsionnach. Fuair an scian i bhfastó i más an tsionnaigh ‘gus thainic píosa amach as más an tsionnaigh agus bhí sé greamaithe ar an scian agus bhí scríbhneoireacht air. Agus an gcreidfeá a rí,’ a deir sé leis an rí, ‘céard a bhí scríobhtha air?’ ‘Ní chreidfeadh,’ a deir an rí. ‘Bhoil bhí,’ a deir sé, ‘go raibh d’athair-sa ina bhuachaill bó ag m’athair-sa.’ ‘Steall tú d’éitheach!’ arsa an rí. ‘Bhoil tá d’inín gróidhte agam,’ arsa an buachaill. ‘Bhoil tá,’ arsa an rí, ‘gheobhaidh tú í agus fáilte, is tú an bréagadóir is fearr a d’airigh mé ariamh.’
|