Update Required
To play the media you will need to either update your browser to a recent version or update your Flash plugin.
Seán Ó Raghallaigh, Scéal Chlainne Lir.mp3
Headline
Seán Ó Raghallaigh as Oiligh. Leo Corduff a rinne an taifead seo sa mbliain 1958.
Caption
Le caoinchead Chnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Transcript
Scéal Chlainne Lir
Aimsir Naomh Pádraic, chuala sé tráchta ar Chlainn Lir, go rabh siad eidir Ceann Iorrais agus Ceann Acla ag imeacht ina n-ealaí. Agus bhí a n-am le bheith thuas an uair seo, naoi gcéad bliain le bheith caití acu, agus chuir sé fear de na naoimh ar a bhfáirnis agus fuair sé go hInis Gluaire.
Oileán é seobh atá taobh thiar de Iorras i gCondae Mhaigh Eo. Agus fuair sé ag beannú an oileáin agus nuair a bhí sé dhá bheannú thainic bean álainn go dtí é agus dúirt sí leis a theacht léithe héin. Agus…sin é nuair a smaoinigh sé air héin, ní rabh beannaithe aige ach leath an oileáin agus chaith sé an chré a bhí ina láimh leis an gCaorthalach—‘sí a bhí ann. Agus scoilt sí an charraic ag imeacht dhuithe. Agus tá an charraic scoiltí ansin le feiceál ag duine ar bith inniubh.
Agus ansin thainic Clann Lir agus bhaisc an Naomh iad agus tá siad curthaí in Inis Gluaire. Agus deir na daoiní—tá tobar beannaithe ann—nach rabh sé ceart ag aon bhean an t-uisce a thógáil. Dhá dtóigthí go dtiompódh an t-uisce ina fhuil. Agus ní thóigeann bean ar bith aon dath uisce ó shin as.