Transcript |
An tAthair Mánus Mac Suibhne
Léir mar a d’airi' mé héin seanchas faoin Athair Mánus Mac Soibhne, bhí a mhuintir in Eacaill, agus bhí siopa ag a athair in Eacaill. ‘Gus ins a’ tráth sin, bhí soithí ag trácht ó Eacaill go… na Fraince. Agus bhí caiptín soithigh in Eacaill an oíche seo an oíche a rugadh an tAthair Mánus. Agus bhí sé a' spaisteoireacht thart thimpeall an tí agus bhí scil mhór ag caiptíní soithigh ins a’ tráth ins na réalta, agus chuir sé cunntas isteach ‘un a’ tí, arbh fhéidir an leanú a chur…moill a chur air ar feadh chupla móiméit. Agus dúirt siad nárbh fhéidir. Thainic an caiptín isteach ansin agus dhearc sé ar an bpáiste.
‘Is breá an páiste thú, bail á Dhia ort,’ a deir an caiptín, ‘ach tá an chroich i ndán duit.’
‘Is olc a’ targaireacht atá tú a dhíonú go mo mhac,’ a deir an t-athair.
‘Is olc,’ ar seisean, ‘ach níl neart air.’
D’imigh an caiptín ansin agus bhí sé ag teacht agus ag imeacht ná gur éirigh an gasúr láidir agus rinnidh an t-athair agus an caiptín suas eatarthú héin go mb’fhearr dófa sagart a dhíonú dho. Agus thug an caiptín ansin ‘un na Fraince é. Agus bhí sé ins an bhFrainc a’ feolaim agus thainic sé abhaile ina shagart agus fuair sé ina shéiplíneach i mBaile Uí Fhiacháin. Agus bhí an t-athair in Eacaill i gcónaí. Ach ansin, fuair an t-athair a’ cónaí go Baile Uí Fhiacháin san áint a rabh an sagart.
Bhí ‘chuile shórt ceart go leor ansin ná go dtainic na Francaigh go Cill Alla. Agus in éis a’ chatha’ casadh oifigeach Francach leis an Athair Mánus amuich ar a’ tsráid a bhí i gcoláiste ina chuideacht’, agus chraith sé lámh leis. Agus bhí siad a’ caint tamall ar a’ tsráid agus hanaic na Sasanaíthe iad a’ caint agus thóig siad dligheadh in aghaidh an Athar Mánus a’ leagan amach go rabh sé ciontach ins a’ rud a tharlaidh. Agus ceapadh an tAthair Mánus agus cuireadh i bpríosún é.
Ach ina dhiaidh sin héin, lig ministéir gállda amach é. Agus rinnidh siad suas tilleadh, aguisín eile in aghaidh an tsagairt — muintir Shasanaí. Gabhadh athuair an tAthair Mánus. Agus d’imi’ sé ar a theitheadh go hEacaill. Bhí sé in Eacair (sic) tamall maith ansin agus i measc a mhuintire héin. Agus bhí yacht ag Major Bingham in Eiligh, an áit a bhfuil an…a rabh an cuisleán aige. Agus bhí an yacht a’ teacht anuas fearsad Acla i ngar go Bhéal a’ Bhulláin agus hanaic an caiptín a bhí ar an yacht an sagart a’ siúl thart thimpeall an tí nuair a bhí an oíche a’ titim. Agus nuair a thainic siad abhaile dúirt siad leis a’… Major go rabh an tAthair Mánus in Eacaill. Agus ansin ‘á dhonacht ‘á rabh an Major b’éigean dó na yeomen a chur go hEacaill ar fháirnis an Athar Mánus.
D’imi’ siad go hAcaill ansin agus chuarta’ siad íseal agus árd agus sháraigh orthu a fháil. Thainic siad isteach ins a’ teach a rabh sé ann agus chuarta’ siad é agus bhí siad imithe amach oile go léir ach an fear deiridh. Agus loisc sé urchar suas ar lota a bhí in éadan a’ tí, agus thuas ansin a bhí an tAthair Mánus. Agus bhí an báire leis ach a beag seanbhean a bhí sa gclúid. ‘Míle murdar,’ a deir sí, ‘tá an tAthair Mánus marú!’ Thainic a’… chuid eile gon arm isteach adsin agus gabhadh an tAthair Mánus. Agus bhí sé gofaí ansin agus dúirt an Major go mba ar bád beag a b’fhearr a ghoil faoina dhéin. Agus bhí an dligheadh chomh láidir aige bád ar bith a d’iarrfait sé chaithfit sé a fáil. Ach bhí fear anseobh ar an mbaile a bhfuil mé ann anois, ‘sé an t-ainm a bhí air Séamus Ó Gaughan agus fear an-mhuintearach dom héin é. Bhí sé leis an… mbád a bhí aige a thóirt leis, agus dhóich Gaughan a bhád héin ins an oíche ar fhaitéas go dtúrfaí an sagart gofaí inti. Fuair yacht an Mhajor lá arna mhárach suas agus ‘sé an t-ainm a bhí orthaí an Crapthaí agus gabhadh an tAthair Mánus agus tugadh anuas go Cún Eiligh é agus fuair an yacht ar ancaire amach án gcuisleán. Níl mé dhá chéad slat uaidh anois- an áit ar tharla sé. Agus d’iarr an sagart deoch agus thug fear deoch ‘oige agus bhuail fear eile lena láimh an cupán a rabh an t-uisce unn agus dhóirt sé an t-uisce. ‘Sé fear go na Tallots a dhóirt an t-uisce.
‘An lámh sin,’ a deir an sagart, ‘go dtugaí ‘un na cille thú.’
Agus thug. Fear go mhuintir Mhurchú a thug a’ deoch ‘oige agus d’imi’ sé aríst agus ní rabh a’n chupán oige, ach lion sé a bhróg le uisce agus thug sé an deoch ‘oig an tsagart.
‘Bhoil faoi bhrí mo mhionna-sa,’ ar seisean, ‘má dhoirteann éinne an deoch atá liom ‘oig an tsagart, loiscfi mé. Agus níor dhóirt.
‘Bhoil,’ a deir an sagart, ‘saol fada le séan agad,’ a deir sé, ‘agus flaitheas Dé ar uair do bháis.’
Agus fuair sé sin. Agus bhí lóchrann go sholas iontach as cionn a thí an oíche a bhí sé marú.
‘Bhoil,’ a deir an sagart, nuair a sheas sé ar a’ yacht dhearc sé suas ar a’ gcuisleán, ‘a’ bhfeiceann siubh an cuisleán sin thuas?’ a deir sé, ‘tá sé go breá inniuf ach tiocfaidh an lá go fóill ‘gus ‘sé an préachán duf an t-oidhre a bhéas air. Agus tiocfaidh an lá’, a deir an sagart, ‘a n-iompróchá ar róp’ ar do dhroim an méid Biongamaigh a bhéas in Iorras.’
Agus feicim-se sin inniubh. Tá sin, targaireacht a’ tsagairt, a’ teacht fíor inniubh. Níl ach fear amháin go Bhiongamaigh in Iorras inniuf. Agus tugadh an sagart ansin go Baile Uí Fhiacháin agus crochadh ar chraein a’ mhargaidh é, agus tá sé ráití nár thlig an chraein ar ais á shin. Bhí fear ansin go mhuintir Shasanaí ann ogus nuair a bhí siad a’ goil a’ crochadh an tsagairt;
‘Beidh feoil sagart árd go maith inniuf,’ a deir sé. ‘Bhoil, ‘á oirde a mbeidh sé, feoil sagart inniuf,’ a deir an tAthair Mánus, ‘is oirde a bhéas do chuid feoladh-sa tao’ istich go bhliain á inniubh.
Agus b’fhíor ‘ó. Tá croc thuas ansin ag Poll Raithnigh in Eacaill — bhí mé in mo sheasú air— agus fuair a’ fear seo suas agus thainic a’ sneacht’ air agus chaill sé a bhealach agus ní rabh ‘ fhios cén bhal a bhí air ná go rabh a chnámhaí leis na madaí anuas trí mhí in éis an tAthair Mánus a chrochadh.
An fear a dhóirt a’ deoch ar a’ tsagart, lobh a lámh suas go dtí a ghualainn agus fuair sé bás ansin. Agus níl a’n fhocal amháin ‘ár úirt an tAthair Mánus Mac Soibhne nach dtainic fíor.
|