Bhí triúr bochaillí ann aon uair amháin agus bhí siad a' goil a' brath ar chailín óg a bhí ar a' mbaile. Feilméaraí a bhí i bhfear acu agus gabha i bhfear eile agus seibhnéaraí insa bhfear, an tríothadh fear. Dúirt an t-athair ansin cébí acu fear ab fhearr a chumfadh ceathrú de amhrán, go mba leis an cailín óg. Agus dúirt an gabha 'nsin i dtús:
'Ar airigh tú ariamh', a deir sé, 'ceol ba bhinne ná dhá ghabha dhéag a' díonamh greille? A lámhord héin i lámh gach duine, agus iad suas anuas buille ar bhuille?'
Labhair an seibhnéaraí ansin: 'Ar airigh tú ariamh ceol ba bhinne, ná dhá shaor déag a' díonamh loinge? A lámhord héin i lámh gach duine agus iad suas anuas buille ar bhuille.
Labhair an feilméaraí ansin: 'An bhfaca tú ariamh ní ba dheise ná seisreach mhall i ngleanntán coilleadh? D(r)easadóir leofa agus é dhá mbruideadh agus iad a' tiompó an dúnfhóid aníos án ngaineamh.