Transcript |
Bhí fear ina chónaí leis féin i nGob Oiligh fadó a dtugadh siad Seán a' Ghoib air, agus ní raibh de chomhluadar aige faoi chaolach an tí ach dhá chat. Cat mór bán ar bhaist sé Pílí Cat Bán air, agus cat dubh caol fada ar bhaist sé Caolchat na Luathadh air.
B'iontach na mátaí Seán agus Pílí Cat. Bhíodh siad i gcónaí i gcuideacht'. Chuile áit dá dtéadh Seán, síos aníos an pháirc, thart ar an teach, siar sa ngarraí agus nuair a théadh sé ar a chuairt i dteach ar bith ar an mbaile, leanadh Pílí Cat é agus d'fhanadh sé taobh amuigh ar an bhfuinneog ag faire isteach a fhad is bheadh Seán ar a chuairt agus nuair a bheadh Seán ag tíocht abhaile dhá chuairt shiúladh Pílí Cat cois ar chois leis.
Bhíodh Seán ina shuí cos na tineadh san oíche ag comhrá agus ag caint agus ag inseacht scéaltaí do Phílí Cat agus cluas ar Phílí Cat ag éisteacht leis. Bhíodh Seán ina shuí cois na tineadh agus a chúl leis an taster a bhí sa gcoirnéal. Bhíodh sé ag caitheamh a phuíop' agus ag faire isteach ar sholas na tineadh. Ba in an solas amháin a bhí aige. Corruair dá gcasfaí 'na bhaile mhóir é gheobhadh sé chupla coinneal ach go hannamh a bhíodh sé sa mbaile mór. Corruair eile, bhíodh Pílí Cat ina shuí taobh thall dó agus é ag faire anall ar Sheán agus ag freagairt na gceisteanna a bhíodh Seán ag cur air.
Uaireantaí eile, bhíodh sé ina shuí amach ón tinidh go cróganta ag sneagaireacht agus ag faire isteach sa tinidh. Agus bhíodh Seán ag faire síos ar íochtar an tí agus d'fheiceadh sé scáile Phílí Cat thíos ar an mbinn; bhí sé ag tíocht idir solas na tineadh agus an bhinn. Nuair a bhíodh a sháith ite ag Pílí Cat, shíneadh sé siar ó chluais go ruball sa teallach agus chodlaíodh sé corr néal.
Ar an taobh eile den scéal nuair a bhíodh an suipéar ite tráthnóna bhuaileadh Caolchat an bóthar amach ar an bpoll a bhí ar an doras iataí agus bhíodh amuigh ar feadh na hoích' agus sin an uair a laindeáleadh sé ar maidin nuair a bhíodh Seán ag éirí. Isteach aríst ar an bpoll a bhí sa doras agus nuair a bhíodh an bricfeasta ite théadh sé suas agus shíneadh sé siar os comhair na tineadh agus ligeadh sé néal as a chlaigeann. Bhíodh a bhonnaíochaí dóite sa luaith aige agus ba in é an fáth ar bhaist Seán Caolchat na Luathadh air. Ní chorraíodh sé sa lá amach ach ag sneagaireacht cois na tineadh. Is éard a bhí ann cneámhaire, rógaire, falsóir agus leadaí. Agus bhíodh sé féin agus Seán ag coinneál súile ar a chéilí agus ní rabh aon chorr dá gcuireadh Seán dhó nach bhfosclaíodh Caolchat leathshúil agus choinníodh sé súil ar Sheán. Agus bhí Seán ar an gcaoi chéanna leis.
Lean sin dhó mar sin agus an oíche seo bhí Seán agus Pílí Cat cois na tineadh. Agus ar ndóigh, bhí Caolchat imithe leis ó thit an oíche. Bhí siad ag scéalaíocht agus caint agus ag comhrá mar a bhíodh siad i gcónaí.
"Ara", a deir Seán, "tá sé ag brú suas le aimsir na Nollag anois, amárach an Satharna Mór agus caithfidh muid a ghoil 'un an bhaile mhóir agus brógaí a fháil dhúinn féin. Teastaíonn brógaí go géar ar ndóigh ó Chaolchat. Feicim go bhfuil a bhonnaíochaí bruite dóite aige sa luaith agus an geimhreadh ag tíocht, b'fhéidir go n-éireodh a chosaí nimhneach."
"Maith go leor", arsa Pílí Cat.
"Caithfidh muid a bheith inár suidhe beagán níos moiche ar maidin," a deir Seán, "agus an bricfeasta a bheith ite againn go luath agus ansin buailfidh muid an bóthar. Réiteoidh mé sac agus cuirfidh mé thú féin agus Caolchat sa tsac agus buailfidh mé an sac ar mo dhroim agus gabhfaidh muid isteach agus amach chun an bhaile mhóir agus ní iarrfaidh sibh coiscéim a shiúil.
"Bhoil, ní rabh mé ariamh sa mbaile mór," arsa Pílí Cat ,"tá mé ag dúil go mór leis!"
"Tá sé chomh maith dhúinn mar sin a ghoil a chodladh go luath anocht," arsa Seán. Agus fuair sé síos ag an drisiúr agus thóig sé an jug amach as an drisiúr a raibh an bainne ann agus tharraing sé an sásar aniar ón drisiúr go dtugadh sé braon do Phílí Cat, chuile oíche roimh a dtéadh sé a chodladh. Leag sé an sásar bainne ag Pílí Cat agus fuair sé féin a chodladh i ndiaidh an tinidh a chagailt. Is é an áit a gcodlaíodh Pílí Cat chuile oíche thíos ar an lota sa bhféar os cionn na bó agus an asail a bhí ceagailte in íochtar an tí. Bhíodh sé te teascaill ansin sa bhféar agus anáil an asail agus na bó ag tíocht aníos thríd an bhféar, thríd an lot'. Ar maidin, leis an bhfáinneachan bhí Seán ina shuí agus anuas le Pílí Cat ón lot', agus rinne Seán graithí na maidine. Thug sé sop agus deoch don bhó agus don asal, d'ith sé a bhricfeast', agus thug sé a bhricfeasta do Philí Cat agus cé a laindeálfadh go hádhmhail isteach ar a bpoll ar an doras iataí ach Caolchat. Agus bhreathnaigh sé ar Sheán agus bhreathnaigh sé ar Phílí Cat.
"By dad," a deir sé, "nach moch atá sibh ina suí?"
"Ah," a deir Seán, "tá muid ag goil 'na bhaile mhóir inniu. Tá muid ag goil amach i gcoinne brógaí, caithfidh 'ach éinne brógaí a fháil dhúinn féin agus tá do chosaí-sa bruite agat sa luaith agus teastaíonn brógaí uait níos cruaidhe ná duine ar bith."
Agus níor úirt Caolchat sea ná ní hea. Fuair sé i gcionn an bhainne agus d'ól sé lán a bhoilg den bhainne. Scaoil Seán an bhó agus an t-asal, d'oscail sé an doras thiar agus lig sé amach iad suas an garraí agus lig sé amach na cearcaí agus thug sé isteach na huibheachaí as teach na gcearc agus dhún sé an doras iataí aríst agus chuir a lámh suas ar an lot' os cionn an dorais thiar agus tharraing sé anuas mála saic.
"A", ar seisean, "caithfidh mé anois", ar seisean le Caolchat, "thú féin agus Pílí Cat a chur isteach sa tsac agus ansin buailfidh mé an sac ar mo dhroim agus iompróidh mé sibh amach agus isteach arís 'na bhaile mhóir agus nuair a bheas na brógaí ceannaithe againn." Níor úirt Caolchat a dhath ach ag faire faoi agus thairis.
Las Seán an puíop', dheargaigh sé aithinne thuas ag an tinidh agus nuair a bhí an puíopa lasta aige "tá mise réite anois", ar seisean, "tá sé chomh maith againn a bheith ag bualadh an bhóthair agus ag baint píosa as. Tá an lá ag éirí gearr agus is fada an choiscéim í 'na bhaile mhóir agus nuair a bheas a ngraithí déanta againn beidh sé mall go maith nuair a bheas muid ar ais. D'oscail sé an mála agus chuir sé Pílí Cat sa tsac agus rug sé ar Chaolchat agus chuir sé sa tsac é chomh maith. Chas sé béal an tsaic agus thóig sé den talamh é agus bhuail sé siar ar a dhroim é. Shocraigh sé a bhairéad air féin agus é ag baint toite as an bpuíop', amach an doras agus tharraing sé an doras ina dhiaidh agus cheangail sé an sreangán a bhí ar an doras taobh amuigh...
|